Fionn Murtagh’s Blog

Themes: information economy, intellectual property, research

Athbheochan nuálaíochta amach romhainn, in Éirinn agus fud fad an domhain – leis an innealtóireacht i gcroí-lár ár dtodhchaí uile

leave a comment »

Alt é seo as: Engineers Journal, iris ag Cumann na nInnealtóirí.   Article from Engineers Journal, 1 Nov. 2016.

Na sleamhnáin den chur i láthair ag Fionnbarra Ó Brolcháin, tá siad le fáil anseo.

Agus an léacht ar YouTube – the lecture and the discussion that followed on YouTube.

Fionn Murtagh looks at the role of engineering in Ireland’s sustainable innovation future in a globalised economy. Murtagh focuses on Finbarr Bradley’s latest book, Gombeens at the Gate, and the lecture delivered by Bradley in Clyde Road, as Gaeilge, on engineering’s impact on educational and economic issues.

Elec

Essential role of engineering in Ireland’s sustainable innovation future in a globalised economy

An ethos of broad economic and social innovation requires the central role of engineering. This article is about both the book, Gombeens at the Gate, by Fionnbarra Ó Brolcháin (Finbarr Bradley) and his An Roth lecture, as Gaeilge, in 22 Clyde Road, on Wednesday, October 12, 2016.  See this on YouTube.

Bradley holds that it is not knowledge itself but rather a culture of learning that is the essential ingredient needed in today’s economy and society. Innovation is driven not by the discovery of new knowledge itself but rather by identifying connections between all sources of knowledge to create value. There is a widespread misunderstanding that innovation and competitiveness depend exclusively on the amount of research and development funding. However, research centres on thinking and reflection, while innovation is about doing and valuing. The real need is to develop a learning economy founded on wisdom, understanding and meaning rather than accumulation of knowledge.

By becoming one of the most globalised economies in the world, Ireland has created a placeless view of itself, characterised by standardisation and uniformity, lack of emotional attachment and increasing mobility. To become  both rooted and global requires a renewed emphasis on the development of character and a deep sense of place. This in turn will lead to the development of high-calibre and internationally successful indigenous enterprises.

gombeens-at-the-gateFar from being ancient artefacts and non-economic, Ireland’s traditions, whether in storytelling, poetry, metaphor, folklore or mythology, if integrated properly with policies on science and technology, offer this country enormous advantage on the global scale.

Bradley draws from a clear and most interesting parallel perspective related to Éirí Amach na Cásca [Easter Rising], 1916. He contends that its revival and renaissance  was driven by profound innovation.  Bradley illustrates how Ireland’s economic and social future depends on being both globally engaged, and locally rooted. He also draws inspiration from the life and work of Earnán de Siúnta, also named Ernest Edwin Joynt. He was president of Engineers Ireland back in the 1920s, and was very much involved in the Celtic revival, and in education as a leading faculty member of what is now Dublin Institute of Technology.

Réamhrá anois


Ní féidir le nuálaíocht a chothú sa gheilleagar agus san tsochaí go ginearálta gan ról lárnach don innealtóireacht. Chun an obair atá ag gabháil le gach aon ghné den teicneolaíoch nó den eolaíocht a chur i gcrích, caithfidh an innealtóireacht a bheith i lár báire. Ciallaíonn sé sin go bhfuil géar-ghá ann chun go mbéadh meon na hinnealtóireachta go tiubh, go smior, go domhain, agus go lárnach i ngach uile gné den gheilleagar agus den tsochaí. Bíodh, mar sin, an innealtóireacht i lár an aonaigh againn agus i gcroí-lár na dtodhchaí agus na sochaí ar aon.

An innealtóireacht i gceart-lár nuálaíóchta agus dul chun cinn na hÉireann


Anuraidh, 2015, bhain an aiste seo leanas bua amach i gcomórtas liteartha an Oireachtais, sé sin Oireachtas na Gaeilge. Bhi bua ag an aiste seo sa chomórtas ar théama atá ag gabháil leis an innealtóireacht. Tá an aiste (10 leathanaigh) le feiceáil ar shuíomh An Roth. Údar na h-aiste seo, “Earnán de Siúnta, Innealtóir”, í Rosanna Lyons. Ainm eile ar Earnán de Siúnta ná Ernest Edwin Joynt. Bhí sé mar Uachtarán ar Chumann na nInnealtóírí sna fichidí den chéad seo caite, agus bhí baint aige le Ceardscoil Shráid Bolton, anois Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

San aiste, tá sé seo le léamh inti: “Níor leor eolas lom teicniúil a thabhairt don innealtóir óg, mar theastaigh tuiscint leathan dhomhain ar an obair agus a feidhm. Ba mhó d’eolaíocht ná d’ealaín anois í.”

Agus seo ráiteas faoi saol Éanna: “Bhí tuiscint dhomhain fhealsúnach aige ar nádúr na hinnealtóireachta féin, agus chreid sé go bhféadfadh sí a bheith páirteach san iarracht Éire a athbheochan mar thír rathúil Ghaelach. Fear aislinge a bhí ann, a rinne a dhícheall innealtóirí na hÉireann a spreagadh chun a gcuid oibre a chur chun cinn mar ghné bheo láidir de shaol na hÉireann. Is fiú d’innealtóirí na hÉireann aird a thabhairt air agus iad ag dul i ngleic le dúshláin an lae inniu.”

Is breá an tuiscint sin a bheith le fáil inniú.  Chomh maith san aiste, tá cur síos ar shaothar de chiud Earnán de Siúnta i leith cúrsaí oideachais a linne.

Nuálaíocht in Éirinn agus fud fad an domhain


Beidh i bhfad níos mó faoi seo uile á phlé ag Fionnbarra Ó Brolcháin ag léacht An Roth aige, ar Dé Céadaoin an 12ú Deireadh Fómhair, ag tosnú ar 18:30. Nó mar a deirtear, beidh i bhfad Éireann níos mó ann! Beidh go leor leor ann sa léacht and sa phlé ina dhiaidh ar nuálaíocht, in Éirinn sa lá inniu, agus na laethanta amach romhainn. Dála an scéil, beidh an léacht seo craolta beo ar an idirlíon, chomh maith.

Sa cur síos ar an léacht seo, tá sé seo leanas ann. Cé go raibh na gluaiseachtaí a mhúnlaigh an Athbheochan cultúrtha agus ó thaobh gach a bhaineann leis an bpolaitíocht (deirimíd ón bhliain 1890 go dtí 1920), agus a spreag Éirí Amach na Cásca 1916 agus bunú an tSaorstáit, neamhspléach óna chéile, bhí siad idirghaolmhar agus bhí saintréithe áirithe lárnach i ngach ceann. San Athbheochan, chonaic siad siúd a bhí páirteach ann acmhainní cultúrtha agus nádúrtha mar ghnéithe rí-thábhachtacha in eitic nuálaíochta de bharr naisc idir féin-tuiscint, féin-mheas, féiniúlacht agus éiteas cruthaitheachta.

Sa lá atá inniú ann, nó go háirithe inniú, is iad na hacmhainní is luachmhaire agus is inbhuanaithí chun nuálaíocht a spreagadh ná iad atá neamhinste, an tsamhlaíocht agus an inspioráid, ach go háirithe. Ní déantán marbh frith-nua-aimseartha agus frith-gheilleagrach é an traidisiún agus cuimhne ach foinse dhinimiciúl agus uathúil, cineál gorlann cruthaitheachta agus fiontraíochta. Dá mbaintear níos mó feidhme as saintréithe mar iad, thiománfadh san núalaíocht inbhuanaithe agus todhchaí sochaí na tíre.

Luíonn gach atá anseo le nuálaíocht agus le hoideachas innealtóirí fud fad na cruinne, agus buntáistí faoi leith a bhaineann linnne in Éirinn nó as Éirinn.

Sin mar a bheidh le plé ag Fionnbarra Ó Brolcháin. Faoi seo uile, tá go leor leor ar fad ag gabháil le cúrsaí oideachais. San aimsir s’againne, nuair atá an-bhéim go deo ar a bheith ag iarraidh rang árd a ghabháil do gach ollscoil, is léir an méid seo leanas: gur chuí agus gur chóir aghaidh a thabhairt ar shaol na sochaí romhainn, agus go bhfuil sé riachtanach meon na hinnealtóieachta a bheith i lár báire mar gheall air sin.

Feicimíd ar cé chomh breá is atá cur síos ag Fionnbarra ina leabhar seo, Gombeens at the Gate, faoi nuálaíocht gur chóir a bheith ann, amach romhainn in Éirinn, agus i saol an domhain mhóir.

Meon na hinnealtóireachta mar bhunús na nuálaíochta romhainn, agus mar a luíonn sé sin go tréan le dea-thionchar uile de chultúr na hÉireann


Le fada an lá, agus ar gach aon slí, tá domhandú an gheilleagair agus na sochaí glactha go huile is go hiomlán ag tír na hÉireann. Le haghaidh an tsaoil amach romhainn anois, ba cheart agus ba chóir an saol domhandaithe a chur le chéile leis an saol fréamhaithe. Is cabhair é sin, cinnte, le haghaidh tionscnaimh nua a chur ar bun agus a chur chun cinn.

Luíonn traidisiúin na hÉireann go mór mór leis seo. Is deiseanna den scoth iad don cur chun cinn anseo. I measc na dtraidisiúin seo, tá scéalaíocht agus filíocht ann, meafair agus miotaseolaíocht, seanchas agus béaloideas. Is cabhair agus cúiteamh atá thar na bearta iad na traidisiúin againn go léir má ligtear dóibh a bheith imeasctha, lánpháirtithe, agus comhtháite le pholasaithe a ghabhann le heolaíocht agus le teicneolaíocht.

I láthair na huaire ní fheictear ach “geilleagar an eolais”, nó an geilleagar ag baint le cur amach. Agus ceaptar gur leor maoiniú le haghaidh taighde. Ach ní leor ábhair mhachnaimh amháin.  Ní foláir gníomhaíocht a bheith i gceist, le nuálaíocht, agus mar aon leis sin, luachanna na nuálaíochta a bheith go soiléir agus go deimhin. Leis sin, séard atá tábhachtach ná “geilleagar na foghlama”. Sé sin, gach a bhaineann le foghlaim san oideachas agus ar feadh an tsaoil go léir, a fheiceáil I gcroí-lár an gheilleagair. Is bunúsach é seo: go bhfoghlamaítear trí ghíomhaíocht. Trí níthe a bheith á dhéanamh, agus tionscnaimh agus mar sin de a bheith curtha i gcrích, sin an tslí chun foghlaim a bheith á dhéanamh. Nuair atáthar gníomhach, ag baint tairbhe as na deiseanna a bhíonn ann, agus spriocanna a bhaint amach, go minic agus fiú go ginearálta, bíonn luachanna ag gabháil le gach gné de sin. Ní hé a bheith ag bailiú nó ag carnú eolais. Ní foláir bheith gníomhach agus lena chois sin,  bheith ag foghlaim fud fad an tsaoil, sa bhaile agus i gcéin.

Is íontach breá an dearcadh faoi leith atá ag Fionnbarra, atá céim aige san innealtóireacht, cé gur sa ghort eacnamaíochta agus oideachais a chaith sé formhór dá shaol gairmiúil. Cúpla bliain ó shin, scríobh sé leabhar dár teideal, Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch.

Sin é é, bunús do hathbheochan nuálaíochta na hÉireann. Nó séard a bheidh romhainn, amach anseo, san athbheochan romhainn, ní hé amháin nuálaíocht ar aon dul le chultúr íontach, agus le chultúr faoi leith, cultúr uathúil na hÉireann, ach lámh le sin, smaointeoireacht agus ábhair mhachnaimh go léir, fréamhaithe i gcultúr an Ghaelachais, le cois a bheith domhandaithe. Agus le cúnamh Dé, nuálaíocht a bheidh mar athbheochan fud fad na cruinne s’againne.

Cé gur cinnte é go bhfuil dúshláin mhóra ann dúinn, ag an am céanna is deas é seo a thabhairt faoi deara: go bhfuil deiseanna atá go breá againn chomh maith. Sa léacht ar an 12ú Deireadh Fómhair, agus tá fáilte roimh chách chun a bheith i láthair, le craoladh beo, agus taifead de chomh maith, mar is gnáth, is breá go mór é go bhfuilimíd ag déanamh gach iarracht chun díriú ar na deiseanna seo.

Tá an t-alt seo le Fionn Ó Muircheartaigh, innealtóir agus matamaiticeoir, Ollamh le hEolaíocht Sonraí, Data Science, agus atá ina Chathaoirleach ar An Roth i gCumann na nInnealtóirí.

Written by Fionn Murtagh

2016/11/06 at 20:29

Leave a comment